Co. Mhaigh Eo
Amhrán é seo faoi fhear a thugann faoi shaol san arm ach athraíonn sé a intinn agus déanann sé iarracht éalú ach ní éiríonn leis. Cuirtear béim faoi leith ar thábhacht na háite san amhrán seo agus insíonn an reacaire faoin gcumha atá air i ndiaidh a mhuintire agus a áit dhúchais Condae Mhaigh Eo. Tugtar ‘Caiptín Bruadar’ ar an amhrán freisin agus leagtar ar Mhícheál Ó Bruadair a bhí ina chaiptín loinge ar long foghlaithe é.
This is a song about a man who enlists in the army, attempts to abscond but is captured. The song lyrics are mainly about the importance of place as the raconteur describes how much he misses his family and his homeplace, County Mayo in the West of Ireland. The song is also known as ‘Caiptín Bruadar’ and it is said that Mícheál Ó Bruadair, a captain of a pirate ship, composed the song.
Co. Mhaigh Eo
Ar an loing seo Phaidí Loinsigh ’sea bhímse ag déanamh bróin
Ag osnaíl ins an oíche ’s ag síorghol sa ló
Anois ó dalladh m’intinn is mé i bhfad ó mo mhuintir
Dar m’fhocal, is maith a chaoinimse Contae Mhaigh Eo.
Liostáil mé le sáirsint ’dhul sráid an bhaile mhóir
Mar cheap mé gur bhreá an rud dhom é nuair a bhí mé bocht óg
Ó, thug sé gloine is cárt dhom agus claimhe le mé a ghardáil
Agus dúirt sé go mb’fhearr dhom é ná bheith in Éirinn go fóill.
Is marach bás mo mháthar nach mbeinnse maith go leor
Bheadh buidéal ins gach láimh liom, is mé i gcomhluadar ban óg
Murach síoról na gcártaí, is an dlí a bheith róláidir
Ní i Santa Cruz a fágfaí mo chnámha faoin bhfód.
’S tá Cnoc na Ceathrún Caoile siamsúil go leor
Tá coiligh is cearca fraoigh ann is iad go síoraí ag seinm cheoil
Tá sméara dubha ar chraobha is úllaí boga buí ann
Is géimneach bó is lao ag tíocht do fhéile Muire Mór.
Tá punt is fiche amuigh orm i gContae Mhaigh Eo
Ní rachaidh mé dhá éileamh choíche ná go deo
Ar fhaitíos go mbéarfaí thiar orm is go dtógfaí i ngeall ar fhiacha mé
’S go bhfáiscfí boltaí iarainn d’iallachaí mo bhróg.
Go dtaga Cnoc na Cruaiche ar cuairt don Abhainn Mhór
Go dtaga an toimín luachair ag buachailleacht na mbó
Go n-osclaítear na coraí atá ar mhullach Bheanna Beola
Ní scarfaidh mo chúl go deo leat, a Chontae Mhaigh Eo.
A chomrádaí na dílse, tá mé cloíte go mór
Is dhá bhféadfainn is dhuitse a d’inseoinn dhá thrian de mo bhrón
Ach ós tusa is túisce a chífeas a maireann de mo mhuintir
Ó, tabhair mo bheannacht siar leat go Contae Mhuigheo.
Co. Mhaigh Eo
On Paidí Loinsigh’s ship, I am weary
Sobbing at night and crying in daylight
Now my mind has been dazzled so far from home
My word, I am grieving for County Mayo.
I enlisted with a sergeant as I went through the town
Believing it’s fortune for a poor youth
Oh, he gave me a glass and a quart and a sword to guard me
Saying I was better off now not to be in Ireland.
But for the death of my mother I would be well off
A bottle in each hand, in the company of fine young ladies
If it were not for drinking quarts, and our strict laws
I would not leave my bones under earth in Santa Cruz.
The hill of Ceathrú Chaoil is fun enough
Where the red grouse make their song
There are blackberries on bushes and soft yellow apples
The lowing of cows and calves at the Feast of the Assumption.
There’s a pound and twenty on my head in Mayo
I will not seek it now or ever
Fearing my capture and arrest over debts
And that bolts of iron be attached to my feet.
Until Cnoc na Cruaiche visits Abhainn Mhór
Until the clump of rushes comes herding the cows
Until the release of the weirs on Beanna Beola
I will not forsake you, dear County Mayo.
Loyal comrade, I am deeply subdued
If I were able, I’d share with you two thirds of my load
As you will be the first to see what’s left of my kin
Bring my blessings with you to County Mayo.
Translation: Dairena Ní Chinnéide